Clárú Léitheora

Fáilte chuig an bpróiseas iarratais le clárú mar léitheoir le LNÉ
  • Ba cheart d’aon duine atá os cionn 16 bliana d’aois ar mian leis nó léi úsáid a bhaint as bailiúcháin LNÉ iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora.
  • Go ceann trí bliana a bheidh an ticéad léitheora bailí.
  • Teastaíonn ticéad léitheora le dul isteach i ngach Seomra Léitheoireachta de chuid LNÉ, Seomra na Staire Muintire ina measc.
  • Má tá ticéad léitheora agat cheana féin ach ba mhaith leat é a athnuachan, déan teagmháil le rtickets@nli.ie.
  • Más rud é go ndeachaigh do thicéad in éag roimh Eanáir 2020, beidh ort iarratas a dhéanamh ar thicéad nua ar líne de bharr go bhfágann na dualgais cosanta sonraí (RGCS).
  • Cuirfear d’iarratas ar thicéad i gcrích ar an láthair nuair a thaispeánfaidh tú aitheantas fótagrafach bailí.
  • Bíonn Oifig na dTicéad ar oscailt ó Luan go hAoine, 10:30 r.n. – 12:30 i.n. agus 2:00 i.n. – 4:00 i.n.. Ar an Máirt bíonn sí ar oscailt 5:00 i.n. – 7:00 i.n. chomh maith.

Mura bhfuil ríomhphost deimhnithe faighte agat, déan cinnte gur féidir le do chliant ríomhphoist ríomhphoist a fháil ó no-reply@nli.ie agus úsáid an fhoirm thíos lena iarraidh go seolfaí an ríomhphost deimhnithe arís.